Ban1 CREST
Home Blog About Peterswell Past Present Links Contact
 

Mol An Óige
S.N. Naomh Thomáis Inniu 

 

 

 

Bríd O’Donnell

Is iomaí athrú atá tagtha ar on gcóras oideachais ó thús an chéid seo caite.  Thuigeann tuismitheoirí tábhacht an oideachais níos fearr anois. Ár ndoigh, níl an obair cheanna le deánamh sa mbaile anois is a bhí an uair sin.

Caitfear a rá freisin go bhfuil tuismitheoirí níos rannpáirtí in oideachas a ngasúr sa lá atá inniu ann ná mar a bhí cheanna.  Tá an lá imithe go féidir na gasúir a fhágáil ag geataí na scoile as dearmad a dhéanamh ar chúrsaí scoile ina dhiaidh sin.  Tá tuismitheoirí páirteach I mbainistíocht na scoile freisin.  Airíonn siad go bhfuil ról acu in imeachtaí scoile.  Gan amhras ní bheadh na háiseanna agus an chóiríocht cheanna againn sa scoil gan saothar na dtuismitheoirí thar na blianta  Ar scath a chéile a mhaireann na daoine.